skip to main content

Tancaer ola in Dubai curtha trí thine ag diúracán ón Iaráin

A picture shows an oil tanker damaged by a Iranian strike
An damáiste a rinneadh don tancaer ola in Dubai de bharr ionsaí dróin

Chuaigh tancaer mór ola trí thine in Dubai tar éis do dhrón ón Iaráin an long a bhualadh ar maidin inniu. Tuairiscítear dhá mhilliún bairille ola a bheith ar an tancaer a deirtear a bhí feistithe le cé ag an am.

Dar leis na húdaráis in Dubai gur tháinig an 24 duine a bhí ar bord an tancaeir, gur tháinig siad slán. Deir siad freisin nár éalaigh aon ola as an soitheach a bhí chun seoladh go dtí an tSín.

Chomh maith le Dubai, scaoileadh diúracáin as an Iaráin le hAontas na nÉimíríochtaí Arabacha, leis an Araib Shádach, le Cuáit agus le hIosrael.

Deir na hIosraelaigh go ndearna siad féin tuilleadh loit i bpríomhchathair na hIaráine, Tehran, agus tuairisicítear gur fágadh an áit gan cumhacht aibhléise ar feadh scaithimh dá bhíthin.

TEHRAN, IRAN - MARCH 30: Debris tumbles from a residential building hit in an airstrike earlier this morning on March 30, 2026 in the west of Tehran, Iran. The United States and Israel have continued their joint attack on Iran that began on February 28. Iran retaliated by firing waves of missiles an
Tehran, 30 Márta 2026

Thug Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu le fios go rabhthas breis agus "leath bealaigh tríd an gcogadh" ó thaobh líon na ruathar atá déanta agus atá le déanamh fós ag na hIosraelaigh ar an Iaráin, seachas ó thaobh achar ama de.

Mhaígh sé go raibh na mílte comhaltaí de Ghardaí Réabhlóide na hIaráine maraithe ag fórsaí Iosrael agus go raibh tionscal arm na tíre sin "beagnach díothaithe" acu, acmhainn núicléach san áireamh.

D'fhógair Rialtas Iosrael freisin go bhfanfadh saighdiúirí na tíre i ndeisceart na Liobáine tar éis dóibh na spriocanna míleata atá acu ann faoi láthair a bhaint amach agus thug le fios go mbunóidís limistéar slándála ann.

Mar le cnámh spairne Chaolas Hormuz, cnámh éadálach a bhfuil fuílleach feola uirthi dar ndóigh, d'fhógair Rialtas na hIaráine go ngearrfaí cáin bhealaigh ar shoithí le tíortha áirithe as seoladh tríd, mar atá, Meiriceá, Iosrael agus aon tíortha eile a bhfuil smachtbhannaí gearrtha acu ar an Iaráin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ