Deir na póilíní cé gur déantús an-bhunúsach bhí sa bhuama a fágadh ag stáisiún póilíní i gCo Ard Mhacha aréir, deir siad go bhféadfadh sé pléascadh mar sin féin agus an-urchóid a dhéanamh.
Bhí an buama i ngluaisteán le seachadóir mearbhia ar cuireadh iallach air faoi phian bháis an fheithicil a thiomáint go stáisiún póilíní na Lorgan i dtuaisceart Ard Mhacha.
Creidtear gur easaontóirí poblachtacha a bhí freagrach as an bhfeillbheart a cáineadh go forleathan.
Is cosúil go raibh an gaireas measartha mór, chomh mór le mála cáipéisí, dar leis na póilíní.
Bhí an seachadóir bia i gceantar Choill Mhic Giolla Chaoich sa Lorgain nuair a tháinig beirt fhear a raibh púicíní orthu roimhe agus gunna láimhe ag duine acu.
Chuir na fir an gaireas i gcófra an ghluaisteáin agus d'ordaigh siad don fhear í a thiomáint go dtí an stáisiún póilíní.
Mura ndéanfadh sé rud orthu, a dúirt siad leis, lámhachfaidís é.
A thúisce a bhain an fear an stáisiún amach, d'imigh sé as an ngluaisteán, ar den déanamh Audi í, agus thug sé rabhadh ar bhaol don fhoireann slándála a bhí ar dualgas ar aghaidh an tí.
Aslonnaíodh daoine ó thart ar chéad teach cónaithe faoi gcuairt don stáisiún agus b'éigean do roinnt daoine an oíche a chaitheamh i Halla an Bhaile.
Bhain saineolaithe ó Arm na Breataine an urchóid as an mbuama trína inpléascadh isteach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ