skip to main content

Feidhmeannach le Newstalk os comhair cúirte faoi dhrugaí

Seafra O'Donovan was arrested following the seizure of 5.5kg of cannabis at Marconi House on Monday
Séafra O'Donovan cúisithe i gcannabas a bheith ina sheilbh aige agus rún aige é a sholáthar

Tugadh fear 35 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu agus é cúisithe i lear cannabais – luach €110,000 – a bheith ina sheilbh aige in oifigí an chomhlachta Bauer Media, ar leo Newstalk, agus rún aige é a sholáthar.

Sin é Séafra O'Donovan, feidhmeannach margaíochta le Bauer Media, a bhfuil cónaí air i gCúirt Pháirc Líosain i Raghnallach i mBaile Átha Cliath.

Tá oifigí Bauer Media ar Lána Digges, in aice le Sráid Grafton, i lár dheisceart na cathrach.

Gabhadh Séafra O'Donovan tar éis do na Gardai 5.5 cileagram de channabas a fháil sna hoifigí sin arú inné.

Dúirt Garda sa chúirt inniu nach ndúirt an cúisí aon ní nuair a cúisíodh sé sna cionta.

Scaoileadh saor ar bannaí Séafra O'Donovan, faoi réir coinníollacha áirithe, agus tabharfar os comhair cúirte arís é ar an 27 Bealtaine.

Comhlacht raidió tráchtála is ea Bauer Media, ar leo ocht stáisiún san iomlán, chomh maith leis na sraith podchraoltaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ