Tá praghas breosla tite i stáisiúin seirbhísí ar fud na tíre ó laghdaíodh an dleacht mháil a ghearrtar ar pheitreal agus ar dhíosal ag meán oíche aréir.
Ní foláir an lá maith a fhreastal ós laghdú sealadach atá i gceist – 20 cent ar dhíosal agus 15 cent ar pheitreal – agus ardófar an dleacht an athuair i ndeireadh mhí na Bealtaine.
Tá an laghdú sin ar cheann de na bearta a d'fhógair an Rialtas inné, agus ar vótáil Dáil Éireann ina bhfabhar aréir, chun beagán faoisimh a thabhairt don phobal agus ardú as cuimse tagtha ar phraghas breosla mar gheall ar an gcorraíl sa Mheánoirthear.
Ina aice sin, cuirfear ar fionraí go ceann dhá mhí ó thús na míosa seo chugainn an tobhach de 2 cent a ghearrtar ar pheitreal, ar dhíosal agus ar ola téimh baile. Is ar son na Gníomhaireachta Cúltaca Ola Náisiúnta a bhailítear an tobhach úd.
Thart ar €2.09 a bhí ar lítear díosail in áiteanna ar maidin, ar ghualainn €2.30 tráthnóna inné, agus thart ar €1.85 a bhí ar líotar peitril, ar ghualainn €2 inné.
Mar sin féin, an breosla a cheannaigh stáisiúin seirbhísí roimh inné, b'fhéidir go mbeadh sé á dhíol ag cuid acu ar an bpraghas is airde fós ós é an praghas is airde a d'íoc siad féin air.
Os a choinne sin arís, tuigtear go bhfuil stáisiúin seirbhísí eile toilteanach an seanstoc a dhíol ar an bpraghas is ísle ach cúiteamh a fháil ón Rialtas.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ