Tá laghdú ar dhleacht mháil, pheitril & díosail á phlé ag ceannairí Rialtais inniu agus súil go dtiocfaidh an Taoiseach, an Tánaiste agus ceannaire na Neamhspleách sa Rialtas ar shocrú amach sa lá ar thacaíocht do thomhaltóirí atá ag streachailt leis an ardú ollmhór ar chostas breosla de bharr chogadh Mheiriceá agus Iosrael ar an Iaráin.
Táthar ag cíoradh moltaí le seachtain agus é tugtha le fios go mbeidh ciorrú ar an dleacht ar pheitreal agus ar díosal agus ar díosal feirme.
Bainfidh lucht leoraithe lastais leas as sin agus as athruithe atá á mbreithniú ar an scéim lacáiste díosail.
Creidtear go gcurfar fad freisin leis an tréimhse ina bhfaigheann daoine an liúntas breosla, luach €38 sa tseachtain.
Tá caint chomh maith ar chúnamh a thabhairt le costas ola tí a sheasamh.
Sula gcasfaidh na ceannairí le chéile anocht beidh cruinniú ag an Aire Iompair agus Fuinnimh Darragh O' Brien le Mícheál Martin agus Simon Harris i dTithe an Rialtais san iarnóin.
Tá an tAire O'Brien a deirtear tar éis a bheith i dteagmháil leanúnach le lucht leoraithe lastais i gComhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann.
Deir an tAire Canney go mbeidh na beartais "éifeachtach agus cuideoidh siad le daoine" ach deir sé "go mb'fhéidir go mbeadh athrú gan choinne ar chúrsaí. Tá ráitis difriúla ag teacht go rialta óna Stáit Aontaithe. Tá beartais á réiteach againn le ghabháil i ngleic leis an méid atá tarlaithe le cúpla seachtain agus tá an Roinn Airgeadais i mbun anailíse go leanúnach ar chásanna éagsúla a d'fhéadfadh tarlú san am atá le theacht".
Deir sé freisin go bhfuil súil aige nach mbeidh cúrsaí chomh dona is go mbeadh ciondáil i gceist ag na caidéil bhreosla.
"Is cuimhin liom féin nuair a tharla sé sin go deiridh, bhí sé uafásach ar chuile dhuine. Bheadh muid ag súil nach mar sin a bheidh arís.
Sin é an fáth nach mór leanacht le comhráití leis an gcogaíocht a mhaolú agus le seasmhacht de chineál éigin a bheith arís i ngeilleagar na cruinne. Sin é an rud tábhachtach".
Géarú mór mílteach ar phraghas peitril, díosail agus ola tí
Ó thús na míosa tá ardú ollmhór tagtha ar phraghas peitril, díosail agus ola tí.
D'ardaigh ola tí ó €500 ar 500 lítear go €900 ag an deireadh seachtaine.
D'ardaigh díosal ó €1.80 an lítear go €2.25 agus tá peitril é féin anois tuairim is €2 an lítear.
Deir an Freasúra sa Dáil go bhfuil útamáil ar bun ag an Rialtas agus moill orthu ag gabháil i ndréim leis an ngéarú ar phraghasanna.
Deir Rose Conway-Walsh, TD de chuid Shinn Féin i Maigh Eo, go raibh géarchéim costas maireachtála ann fiú sular ardaigh costas an bhreosla.
"Chuir muide reachtaíocht os comhair na Dála an tseachtain seo caite le 25c a bhaint de lítear peitril agus díosail, 10c a bhaint den 'díosal glas' agus €183 de laghdú a chuir ar 1,000 lítear ola tí" a deir sí "agus ní mór a leithéid a fheidhmiú láithreach, chomh maith le beartais a fheidhmiú freisin le cuidiú le lucht gnó".
Ag a gcomhdháil bhliantúil le dhá lá anuas dúirt comhcheannaire Phobal Roimh Brabach-Dlúthpháirtíocht, Richard Boyd Barrett go bhfuil "páirtithe an Rialtais ag tarraingt na gcos le coicís agus tuilleadh, ach tá brú curtha anois orthu agus iad ag gníomhú faoi dheireadh".
Tá seisean ag éileamh "caidhp praghais ar leictreachas, fuinneamh agus gás ag leibhéal réasúnach" agus deir sé go bhféadfaí srian a chuir freisin ar chostas earraí grósaera, breosla agus cíos.