skip to main content

Tuilleadh ionsaithe déanta ag an Iaráin i Murascaill na Peirse thar oíche

Iranian families gather behind the ruins of a building in Tehran, Iran, on March 18, 2026. The building was destroyed during a U.S.-Israeli military operation. The gathering takes place on the eve of the Iranian New Year. (Photo by Morteza Nikoubazl/NurPh

Ionsaíodh roinnt tíortha i Murascaill na Peirse thar oíche nuair a scaoil an Iaráin dróin agus diúracáin leo.

I measc na dtíortha a buaileadh, tá Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, An Araib Shádach, Bairéin agus an Chuáit.

Sa Chuáit, tuairiscítear gur cuireadh scaglann ola ollmhór trí thine de bharr na n-ionsaithe.

Deir Forsaí Cosanta Iosrael, an IDF, gur bhuail siad spriocanna i ndeisceart na Siria thar oíche, ina measc ionad ceannais agus bunáit mhíleata de chuid réimeas na tíre sin.

Thar oíche, chualathas pléascanna san Iarúsailéim agus i bpríomhchathair na hIaráine,Tehran.

Deir príomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go bhfuil an lámh in uachtar ag a thír agus ag na Stáit Aontaithe sa chogadh i gcoinne na hIaráine.

Iranian families gather behind the ruins of a building in Tehran, Iran, on March 18, 2026. The building was destroyed during a U.S.-Israeli military operation. The gathering takes place on the eve of the Iranian New Year. (Photo by Morteza Nikoubazl/NurPhoto via Getty Images)

Deir Arm na hIaráine go bhfuil an tír ag leanúint uirthi ag táirgeadh diúracán in ainneoin na n-ionsaithe ó Iosrael agus na Stáit Aontaithe.

Dúradh an méid seo i ndiaidh do phríomh-aire Iosrael a thabhairt le fios nach raibh ar chumas na hIaráine a leithéid a dhéanamh níos mó.

Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu speaks during a press conference
Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu

Tá praghasanna ola agus gáis imithe in airde go mór de dheasca na n-ionsaithe ar bhonneagar fuinnimh.

Diesel and petrol prices quoted at more than 2 euro at a service station in Lisbon

Bhí cruinniú ag ceannairí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil inniu agus iad ag iarraidh go gcuirfí beartais shealadacha i bhfeidhm in iarracht cabhrú le custaiméirí dul i ngleic le praghasanna fuinnimh atá ag imeacht in airde go mór mar thoradh ar an gcogadh san Iaráin.

Inniu mhaígh Oll-cheannaire na hIaráine Mojtaba Khamenei go bhfuil an lámh in uachtar faighte acu ar naimhde na tíre.

Mojtaba Khamenei (C), the son of the Iranian Supreme Leader Ayatollah Ali Khamenei, participates in the annual Quds Day rally in Tehran, Iran, on May 31, 2019. (Photo by Rouzbeh Fouladi / Middle East Images via AFP)

Idir an dá linn, thug Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, "cladhairí" ar chomhghuaillithe NATO i dteachtaireacht dá chuid ar na meáin shóisialta agus dúirt sé go mbeadh sé an-éasca acu cabhrú le Caolas Hormuz i Murascaill na Peirsia a oscailt aríst.

Tuairiscítear go bhfuil Meiriceá ag smaoineamh ar níos mó fórsaí a sheoladh go dtí an réigiún, agus go bhfuil Donald Trump ag i mbun machnaimh ar shlite chun brú a chur ar an Iaráin Caolas Hormuz a oscailt arís, áit a dtéann timpeall cúigiú cuid d'ola an domhain tríd gach lá.