skip to main content

'Rialtas ag éirí as cóiríocht a sholáthar do theifigh ón Úcráin'

Ukrainian refugee family waiting for train in station, Ukrainian war concept.
Tá cosaint shealadach sa Stát seo ag os cionn 125,700 dídeanaí as an Úcráin

Tá an Rialtas ag éirí as cóiríocht a sholáthar do theifigh ón gcogadh san Úcráin agus rún acu na hóstáin agus na tithe lóistín atá i gcás a chur ar fáil don phobal an athuair, dar leis an Aire Stáit atá freagrach as gnóthaí imirce, Colm Brophy.

Ag labhairt dó i nDáil Éireann, thug Colm Brophy le fios gur de réir a chéile a bhíothas ag cur deireadh leis an mbeartas éigeandála a tugadh isteach tar éis don Rúis ionradh a dhéanamh ar an Úcráin ceithre bliana ó shin.

Is mian leis an Rialtas, arsa sé, ionaid lóistín a dhul i mbun a bpríomhghnó arís le go mbainfeadh daoine áitiúla tairbhe astu an athuair.

I láthair na huaire, a dúirt sé, tá cosaint shealadach in Éirinn ag os cionn 125,700 duine as an Úcráin, a bhfuil iarratas ar chóiríocht Stáit déanta ag breis agus 94,300 acu.

Tá thart ar 19,200 duine as an Úcráin ina gcónaí i gcóiríocht Stáit, ar laghdú suntasach é sin, arsa Colm Brophy, ón uair ba mhó éilimh i ndeireadh 2023.

Is ar conradh ón earnáil phríobháideach den chuid is mó a chuirtear an chóiríocht ar fáil agus dhearbhaigh an tAire Stáit go bhfuil 531 conradh ann faoi láthair.

Dúirt sé gur tháinig deireadh le 420 conradh in 2024 agus le 195 eile in 2025.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ