skip to main content

Fear óg gafa faoi thubaiste bóthair ina maraíodh banaltra

Áine O'Reilly was the only daughter of a retired garda and teacher
Bhí Áine O'Reilly ag obair mar bhanaltra i seirbhís leighis Shannondoc i Luimneach

Tá fear óg gafa ag na Gardaí faoi thubaiste bóthair a tharla i gCo Luimnigh an mhí seo caite inar maraíodh banaltra.

Maraíodh Áine O'Reilly, a bhí 33 bliain d'aois, nuair a bhuail a gluaisteán féin agus dhá ghluaisteán eile faoina chéile ar bhóthar an N24 sa Ghráinseach Thiar go gairid tar éis 11 a chlog san oíche ar an 13 Feabhra.

Theith tiománaí ceann den dá ghluaisteán eile ón láthair agus d'fhág sé a fheithicil ina dhiaidh.

Gortaíodh tiománaí an ghluaisteáin eile, fear sna daichidí.

Ba as an tSeanphailís i gCo Luimnigh Áine O'Reilly agus bhí sí ar bealach chun a cuid oibre i gcathair Luimnigh nuair a tharla an tubaiste.

Bhí sí ag obair in Shannondoc, seirbhís leighis atá ar fáil taobh amuigh ghnáthuaireanta oifige.

Sna mórdhéaga atá an fear óg a gabhadh inniu agus tá sé á cheistiú i stáisiún Gardaí i Luimneach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ