skip to main content

An t-amhránaí aitheanta Dolores Keane tar éis bháis

Dolores Keane
Dolores Keane a fuair bás ina teach cónaithe i gCathair Loistreáin i gCo na Gaillimhe aréir

Tá an t-amhránáí mór le rá as Co na Gaillimhe Dolores Keane tar éis bháis. Bhí sí 72 bliain d'aois.

D'éag Dolores Keane go suaimhneach i gcaitheamh na hoíche ina teach cónaithe i gCathair Loistreáin i dtuaisceart na Gaillimhe, áit ar rugadh í i 1953.

Duine de theaghlach aitheanta ceoltóirí ab ea í, lena n-áirítear a deartháir Seán, agus is in éineacht lena beirt aintíní Rita agus Sarah Keane sna 1960idí a thosaigh sí ag rá amhrán os comhair an phobail.

Níor chian ina dhiaidh sin gur bhain Dolores a saincháil féin amach, agus is i méid a chuaigh an cháil sin nuair chuaigh sí i bpáirt leis an ngrúpa nuacheoil tíre Dé Danann i 1974.

Chaith sí seal i Londain ina dhiaidh sin agus bhí baint mhór aici féin agus ag a fear céile an ceoltóir John Faulkner le Club na nAmhránaithe sa chathair sin.

Ba é There Was a Maid (1978) an chéad albam aonair a tháinig uaithi, Brokenhearted I'll Wander (1979) an dara ceann.

Dolores Keane agus John Faulkner

Chan Dolores Keane le Planxty i 1983 agus le Dé Danann arís ar feadh tamaill ina dhiaidh sin.

Ba chuid suntais an t-amhrán in ómós Nelson Mandela a chum John Faulkner agus a chan Dolores ar an albam Lion in a Cage (1989), bliain sular saoradh an cime cáiliúil sin ón bpríosún.

Bhí an-tóir ar an amhrán sin, go deimhin, agus chuaigh sé go barr na gcairteacha in Éirinn.

Bhí Dolores ar dhuine de na mná a rinne an t-albam cáiliúil A Woman's Heart (1994). Mary agus Frances Black, Eleanor McEvoy agus Maura O'Connell na mná eile.

Bhí meas ag Dolores Keane ar an sean agus ar an nua araon agus d'fhíodh sí an snáithe iasachta anois is arís ina sainbhrat dúchasach.

Dolores Keane i gCathair Loistreáin

Tá blaiseadh den raon leathan sin le fáil ar an albam díolama The Best of Dolores Keane (1997).

In 2022, bhronn TG4 Gradam Saoil uirthi agus bhronn Ollscoil na Gaillimhe dochtúireacht oinigh uirthi in 2024.

Níl na socruithe sochraide déanta fós ach meastar go n-adhlacfar Dolores Keane i gCathair Loistreáin Dé hAoine seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ