skip to main content

Cruinnithe ag an Taoiseach le lucht gnó in Washington

LR - Niamh Gallagher AWS Country Lead Ireland Taoiseach Micheal Martin Jenny Melia CEO of Enterprise Ireland Ambassador Geraldine Byrne Nason Irish Ambassador to the United States
Bhí cainteanna ag an Taoiseach Micheál Martin le ceannairí gnó in Washington inniu

Bhí cainteanna ag an Taoiseach Micheál Martin in Washington DC ar maidin inniu le hionadaithe ó chomhlachtaí móra as Éirinn agus as na Stáit Aontaithe féin.

Ambasadóir na hÉireann sna Stáit Aontaithe Geraldine Byrne Nason agus Ambassador na Stát Aontaithe in Éirinn Edward Walsh, bhí siad beirt i gcuideachta an Taoisigh ag bricfeasta speisialta a d'eagraigh Amazon agus Fiontraíocht Éireann in óstán an Dupont.

Tá an Taoiseach le hóráid a thabhairt uaidh i gcruinniú de cheannairí gnó ar ball agus déanfaidh sé agallamh teilifíse le Fox News ina dhiaidh sin.

Is amárach, Lá Fhéile Pádraig, a rachas sé i gceann phríomhchúram a thurais, tráth a mbuailfidh sé le hUachtarán Mheiriceá Donald Trump agus an Leas-Uachtarán JD Vance sa Teach Bán.

Ag labhairt dó le RTÉ thall, dúirt Micheál Martin go raibh sé ag súil go mór leis an gcruinniú le Donald Trump.

Tá cinneadh an Taoisigh bualadh le Trump cáinte ag páirtithe an fhreasúra abhus, áfach, ós 'gríosoir cogaidh' agus 'fear mire' atá sa cheannaire Meiriceánach, dar leo.

Mar le héileamh Trump go dtiocfadh tíortha eile i gcabhair ar na Meiriceánaigh i gCaolas Hormuz san Iaráin, dúirt an Taoiseach nach mbaineann a leithéid le hábhar i gcás na hÉireann.

Níl na hacmhainní míleata ag Éirinn – dubh, bán ná riabhach – le páirt a ghlacadh i gcomhbheart mar é, arsa sé.

Ar aon chaoi, a dúirt an Taoiseach, creideann an Rialtas gur réiteach síochánta ar an gceist a theastaíonn, ar chomhréiteach a chaithfeadh bheadh ann, dar leis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ