skip to main content

Fear go dona tinn san ospidéal i mBéal Feirste

sample caption
PSNI i mbun fiosraithe

Tá droch-bhail san ospidéal ar fhear a bhfuarthas é gan aithne gan urlabhra i lár chathair Bhéal Feirste tráthnóna inné.

Tá póilíní Thuaisceart Éireann (PSNI) ag fiosrú an scéil agus ag iarraidh a dhéanamh amach an bhfuil aon cheangal idir an fear agus eolas faoi ionsaí a cuireadh faoina mbráid tamall gairid roimhe sin.

Tá siad ag iarraidh ar aon duine sa bpobal a bhí i gceantar an Ascail Ríoga tráthnóna inné teacht chun cainte leo.