Tá na gardaí ag fiosrú bás mná 32 a bhfuarthas a corp ina teach cónaithe i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh tráthnóna inné.
Deir siad tráthnóna áfach gur dócha gur timpiste a bhí i mbás Kelly Cremin, an bhean 32 bliain d'aois atá i gceist..
Tá scrúdú iarbháis curtha ar a corp anois ag paiteolaí an Stáit, an Dochtúir Yvonne McCartney.
Réiteofar cód anois faoina bás don Choiste Cróinéara do Chathair Chorcaí.
Ba ag 5.30 a tháinig gardaí ar chorp Kelly Cremin sa teach seo atá in iarthar na cathrach.
Deir siad nach raibh aon duine eile sa teach ag an am.