Tá sé tugtha le fios ag Bord Soláthair an Leictreachais go bhfuil an comhlacht fós ag iarraidh fabht bogearra a réiteach ar imigh méadair leictreachais ó smacht dá bharr.
Fuair roinnt custaiméirí billí arda nach raibh aon dealramh leo, cuid acu chomh hard le €5,000 as aon lá amháin.
Dúirt Bord Soláthair an Leictreachais gur nuashonrú a rinneadh ar bhogearra Dé hAoine seo caite ba shiocair leis an tuaiplis.
Ba nuashonrú a rinne foireann an chomhlachta in aon turas a bhí ann, seachas nuashonrú a rinne an córas as féin, a dúradh.
Dúirt an comhlacht go raibh athbhreithniú á dhéanamh acu ar ar tharla lena chinntiú nach dtarlódh sé arís.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ