Maraíodh fear sna caogaidí i dtionóisc bhóthair a bhí i gCo Shligigh ar maidin inniu.
Deir na Gardaí gur maraíodh an fear ar an toirt nuair a bhuail an gluaisrothar a bhí sé a mharcaíocht in aghaidh leoraí sa Roisín i mBaile idir Dhá Abhainn ag thart ar 9.20 ar maidin.
Níor gortaíodh tiománaí an leoraí ach tugadh chun an ospidéil é ar fhaitíos na bhfaitíos.
Is iad na Gardaí i mBaile an Mhóta atá ag fiosrú na tubaiste.
I gCo Thír Eoghain, maraíodh fear 36 bliain d'aois nuair a bhuail dhá ghluaisteán faoina chéile ar bhóthar an A5 i nGarbhachadh aréir.
Tiománaí ceann de na gluaisteáin a bhí san fhear.
Gortaíodh triúr a bhí sa ghluaisteán eile ach níl aon duine acu i mbaol báis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ