skip to main content

Peter Mandelson scaoilte saor ag póilíní Londan

Peter Mandelson at his house after being released on bail
Peter Mandelson ag dul isteach ina theach cónaithe i Londain tar éis do na póilíní ansin é a scaoileadh saor go moch ar maidin inniu

Scaoileadh saor go moch ar maidin inniu an t-iarpholaiteoir i Sasana Peter Mandelson ar ghabh na póilíní thall é inné faoi mhí-iompar in oifig phoiblí.

Ghabh póilíní Londan Peter Mandelson ina theach cónaithe in Primrose Hill i lár na cathrach sin go gairid tar éis 4 a chlog tráthnóna inné.

Tugadh é go stáisiún póilíní áitiúil, mar ar ceistíodh é faoi líomhaintí gur thug sé eolas a bhí faoi rún do chara leis, an ciontoir gnéis as Meiriceá Jeffrey Epstein nach maireann.

I ráiteas a eisíodh go gairid tar éis 2 a chlog ar maidin, dúirt na póilíní go raibh Mandelson scaoilte saor acu ar bannaí agus go raibh siad ag déanamh tuilleadh fiosruithe.

Chomh maith lena cheistiú, chuardaigh na póilíní dhá theach le Mandelson, an ceann in Primrose Hill agus ceann eile in Wiltshire.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ