Níl oiread agus síciatraí comhairleach amháin ar fáil go lánaimseartha do dhaoine óga i gCo Chiarraí i láthair na huaire, a deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, cé go moltar i dtuarascáil nua ceathrar ar a laghad a bheith ar fáil ann.
Is é is cúis leis an bhfaillí seo, dar leis an bhFeidhmeannacht, an dúshlán mór a bhaineann le síciatraithe comhairleacha do leanaí a earcú agus a choinneáil.
Deirtear sa tuarascáil a foilsíodh inné go bhféadfadh sé go raibh 209 duine óg "i mbaol" mar gheall ar chleachtais áirithe sa tseirbhís meabhairshláinte a cuireadh ar fáil dóibh i limistéar Chiarraí Thuaidh.
"Baol mór" a bhí ann i gcás beirte; "baol measartha" i gcás 195 duine; agus baol beag" i gcás an dáréag eile, a deirtear.
Maítear sa tuarascáil gur tugadh an iomarca cógas frithshíocóiseach do leanaí; nach ndearnadh measúnú ná monatóireacht ar a bhfolláine coirp mar ba cheart; agus nár cuireadh seirbhís síciteiripe ar fáil dóibh sách minic.
An Dr Amanda Burke, ceannaire cliniciúil náisiúnta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, dúirt sí inniu nach raibh sé ceart gur cúram nach raibh leathmhaith go leor a cuireadh ar fáil do na leanaí.
Bhí na daoine óga agus a dteaghlaigh i dteideal cúram d'ardchaighdeán a fháil, arsa sí.
Thug an Dr Burke le fios freisin go bhfuil an Fheidhmeannacht mionnaithe leasuithe chun feabhais a dhéanamh ar sheirbhísí meabhairshláinte don aos óg ar fud an Stáit.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ