skip to main content

Póilíní an Tuaiscirt: Protastúnaigh is ea 65% d'iarratasóirí

A stock picture of a Police Service of Northern Ireland (PSNI) logo
Feachtas nua earcaíochta ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann

Protastúnaigh is ea breis agus 65% de na daoine a rinne iarratas ar phost i Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann san fheachtas earcaíochta is deireanaí.

Beagán le cois 4,000 duine a chuir iarratas isteach roimh an spriocdháta an tseachtain seo caite.

Caitlicigh is ea 26% de na hiarratasóirí agus is ó phobail mhionlaigh 4.2% díobh. Níor tugadh aon eolas faoin gcuid eile.

De réir an daonáirimh is deireanaí ó thuaidh in 2021, Caitlicigh is ea 45.7% den daonra.

Tugadh eolas ginearálta inniu freisin faoi inscne agus faoi chlaonadh gnéis na n-iarratasóirí.

Fireannaigh is ea 63% díobh, baineannaigh is ea 36% díobh – agus is ón bpobal LADT 7% díobhsean.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ