skip to main content

Aimsir mhór tuartha amárach agus anóirthear

A car
Comhairlítear do thiománaithe a bheith san airdeall ar na fuarlaigh atá geallta

Tá trí fholáireamh bhuí fógartha ag Met Éireann agus garbhshíon geallta in áiteanna amárach agus arú amárach.

Is foláireamh gaoithe móire atá fógartha i gcúig chontae cois cósta, mar atá, Baile Átha Cliath, Lú, An Mhí, Cill Mhantáin agus Loch Garman.

Beidh an t-uisce ag tonnadh isteach ar na cladaí sna háiteanna sin, leagfar crainn agus scuabfar mionbhach chun bealaigh, a deir na meitéareolaithe.

Tiocfaidh feidhm leis an bhfoláireamh ag 11 a chlog oíche amárach agus tiocfaidh deireadh leis ag 1 a chlog am lóin Dé Céadaoin.

Tá foláireamh fearthainne fógartha freisin i dtrí cinn de na contaetha céanna – Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus Loch Garman – chomh maith le Ceatharlach, Cill Chainnigh, Corcaigh agus Port Láirge.

Beidh feidhm leis an bhfoláireamh sin idir 11 a chlog oíche amárach agus 11 a chlog oíche Dé Céadaoin.

Tá baol ann go mbeidh tuilte sna seacht gcontae sin, go háirithe san áit a bhfuil an talamh ar maos cheana agus san áit a ndeachaigh aibhneacha thar a mbruacha le gairid.

Is foláireamh fearthainne agus sneachta araon atá fógartha i dtrí chontae san iarthuaisceart, mar atá, Dún na nGall, Liatroim agus Sligeach.

Tiocfaidh feidhm leis an bhfoláireamh sin ag 2 a chlog ar maidin Dé Céadaoin agus tiocfaidh deireadh leis ag 2 a chlog tráthnóna an lá céanna.

Déanfaidh sé flichshneachta sa taobh sin tíre ina dhiaidh sin.

Tá foláireamh buí oighir fógartha ag na meitéareolaithe sa Tuaisceart, a mbeidh feidhm leis óna 8 a chlog anocht go dtí 10 a chlog ar maidin amárach.

Mar is iondúil, comhairlítear do dhaoine, go háirithe tiománaithe, a bheith stuama agus gan dul i nguais.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ