Tá ionsaí buama peitril a rinneadh ar an Ionad Cultúrtha Ioslamach i Luimneach cáinte ag Easpag Luimnigh, an Dr Brendan Leahy.
Tuigtear gur chaith fear buama peitril trí cheann d'fhuinneoga an ionaid i dTuar an Daill ar cholbha theas chathair Luimnigh go moch ar maidin inné.
Níor gortaíodh aon duine san ionsaí.
Dúirt an tEaspag Leahy go mb'uafásach an gníomh é agus gur díol imní a bhí ann.
Ní thacaíonn formhór an phobail le feillghníomhartha mar é, arsa sé, agus dúirt gur mhian leis a chur in iúl do Mhoslamaigh Luimnigh gur sheas Caitlicigh na deoise leo.
Tá an t-ionsaí cáinte freisin ag an Tánaiste Simon Harris.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ