skip to main content

Bás fir i mBéal Feirste á fhiosrú ag na póilíní

Bás fir i mBéal Feirste á fhiosrú ag póilíní
Bás fir i mBéal Feirste á fhiosrú ag póilíní

Tá fear 32 bliain d'aois gafa ag póilíní i mBéal Feirste a bhfuil fiosrúchán ar bun acu faoi bhás fir sa chathair inné.

Fuarthas an fear gan mheabhair gan arann i dteach ar Bhóthar Chromail i ndeisceart na cathrach ag thart ar am lóin inné agus bhásaigh sé san ospidéal go gairid ina dhiaidh sin.

Níl ráite ag na póilíní go dtí seo ach go bhfuil bás an fhir á fhiosrú acu agus go dtabharfaidh siad tuilleadh eolais in am trátha.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ