skip to main content

Conradh nua le feidhmiú le Emerald Airlines faoin 25ú Feabhra

About 200 people attended a protest at Donegal Airport this afternoon calling on the Government to ensure afternoon flights from and to Dublin are secured in a new Public Service Obligation contract due to come into effect later this month.
Agóid ag Aerfort na Carraige Finne arú inné

Deir Coiste Eitiltí Ailse Dhún na nGall nach bhfuil cumarsáid ar bith faighte acu ón Aire Iompair Darragh O'Brien inniu faoin éileamh atá déanta acu go gcoinneofaí eitiltí fillte aon-lae as Aerfort na Carraige Finne go Baile Átha Cliath.

Tá achainí phoiblí sínithe ag 14,000 duine ag iarraidh go gcoinneofaí an tseirbhís ar mhaithe le hothair a bhaineann leas an tseirbhís laethúil do choinní ailse, agus ar mhaithe le paisinéirí i gcoiteann.

D’fhreastail 200 duine ar agóid ag an aerfort Dé Sathairn ag iarraidh an tseirbhís eitilte a choinneáil mar atá.

Tá imní mhór sa réigiún le cupla seachtain a deir Máire Mhic Giolla Chomhaill ó Eitiltí & Seirbhísí Ailse Dhún na nGall go bhfuil sé i gceist ag an aerlíne a bhfuil an conradh acu na h-amanna eitilte a athrú.

Cuireadh an imní sin in iúil don Aire Stáit Kevin 'Boxer’ Moran arú inné freisin nuair a bhí sé féin san Iarthuaisceart.

Deir an comhairleoir contae Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig a d'eagraigh agóid an tSathairn ag an aerfort go bhfuil go leor ceisteanna le freagairt ag an Rialtas faoin tseirbhís eitilte atá beartaithe faoin gconradh oibleagáide seirbhíse poiblí a bheidh ag teacht i bhfeidhm faoi cheann coicíse, agus an conradh nua le bheith aontaithe le Emerald Airlines roimh an 25ú Feabhra.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag 1900