skip to main content

Marius Borg Høiby, mac Bhanphrionsa na hIorua, curtha ar a thriail in Osló na hIorua agus é cúisithe in éigniú

Picture taken on June 16, 2022 in Oslo, Norway, shows Marius Borg Høiby sitting next to his mother Norwegian Crown Princess Mette-Marit
Marius Borg Høiby, mac Bhanphrionsa na hIorua, curtha ar a thriail in Osló na hIorua

Tá Marius Borg Høiby, mac Bhanphrionsa na hIorua, curtha ar a thriail in Osló na hIorua. Tá sé cúisithe in éigniú, i bhforéigean baile agus i ndrugaí a bheith ina sheilbh aige chomh maith le coireanna eile.

Marius Borg Hoiby, son of Norway's crown princess

Tá Marius Borg Høiby ag pléadáil neamhchiontach sna cheithre chúis éignithe.

Marius Borg Hoiby with his mother, Crown Princess of Norway Mette Marit

Tá an cás tar éis stangadh a bhaint as Teaghlach Ríoga na hIorua agus as an bpobal ansin go háirithe mar go bhfuil cáineadh go leor déanta ar an mBanphrionsa Mette-Marit, faoin gceangal a bhí aici le Jeffrey Epstein, an ciontóir gnéis as Meiriceá nach maireann