Tá Met Éireann ag bagairt breis tuilte agus droch-choinníolacha taistil sna laethanta amach romhainn.
Tá Stádas Buí báistí i bhfeidhm do roinnt mhaith contaetha san oirthear, san oirdheisceart agus sa deisceart.
Tiocfaidh an foláireamh sin i bhfeidhm óna 1 a 'chlog tráthnóna amárach go dtí a 9 a'chlog maidin Dé Máirt agus is iad contaetha Cheatharlach,Chill Chainnigh,Loch Garman,Chorcaigh agus Phort Láirge atá i gceist.
Tá foláireamh i bhfeidhm freisin do chontaetha Bhaile Átha Cliath, Lú agus Chill Mhantáin.
Ón 9 a'chlog san oíche amárach go dtí a 1 a'chlog maidin Dé Máirt atá an foláireamh sin i bhfeidhm do na contaetha sin.
Tá báisteach throm geallta don tseachtain atá romhainn.
Tá foláireamh don leac-oighir eisithe freisin ag oifig mhéitéireolaíochta na Ríochta Aontaithe don 6 chontae i dTuaisceart Éireann ón 7 a' chlog tráthnóna go dtí 9 a' chlog maidin amárach.