Tá duine amháin maraithe i dtmpiste bóthair i gContae Chill Dara.
Duine atá sna caogadaí atá i gceist agus maraíodh é nuair a bhuail carr é i gceantar Bhaile Roibeaird.
B'amhlaidh a bhí an té a maraíodh ag siúl an bhóthair nuair a tharla an taisme.
Bhásaigh sé ar an láthair.
Tá an láthair dúnta le go ndéanfaidh gardaí scrúdú teicniúil.