skip to main content

Tuilte san oirdheisceart

Tuilte inInis Córthaidh
Tuilte inInis Córthaidh

Bhí báisteach throm in oirdheisceart na tíre aréir.

Tá na fuarlaigh ansin méadaithe dá réir.

Tá an drochaimsir ina chionsiocair le bóithre a bheith dúnta.

Tá go leor tithe cónaithe agus gnóluchtai buailte ag an mbáisteach seo freisin.

Cuid de dheisceart Loch Garman is measa atá buailte a deirtear.

Tá tuilte i go leor sealúchas i mBaile an Droichid.

Dúnadh ceantar na gcéanna in Inis Córthaidh ar feadh tamaill aréir ach tá sé oscailte anois arís don trácht.

I gContae Chill Chainnigh bhris aibhneacha na Beara agus na Feorach a gcuid bruacha agus chothaigh sé seo cuid fadhbanna d'áitritheoirí agus lucht gnó sa chontae sin.

Tá Comhairle Contae Cheatharlach ag obair go dian le háiteanna ansin thart ar bhaile Cheatharlach a choinneáil slán.

Tá fadhbanna móra freisin le tuilte i gCathair agus i gContae Phort Láirge ar maidin.

Taoiseach Micheál Martin at a press conference
An Taoiseach le dul chuig an oirdheisceart sna laethanta romhainn

Tá sé i gceist ag an Taoiseach,Micheál Martin taisteal chuig an oirdheisceart sna laethanta atá amach romhainn.