skip to main content

Imní faoina thuilleadh tuilte agus báisteach throm geallta inniu

People walk along the bank of the raised River Slaney after the river burst its banks.

Tá foláíreamh eisithe a Met Éireann go bhfuil baol tuilte óna thuilleadh báístí ar aibhneacha san oirdheisceart, oirthuaisceart agus san oirthear.

Tiocfaidh foláireamh Stádas Buí i bhfeidhm ar mheánlae inniu i gcontaethe Bhaile Átha Cliath, Cheatharlach, Chill Chainnigh, Lú, Loch Garman agus Chill Mhantáin, agus mairfidh go meánoíche.

Tá a leithéid chéanna eisithe ag Met Office na Breataine do na sé chontae sa Tuaisceart ó mheánlae go dtína 6pm inniu.

30mm báistí a thit ar chodanna de dheisceart Laighean le 24 huaire agus beidh crios nua báistí ag déanamh a bhealach siar ó thuaidh níos deireanaí, ag clúdach an chuid is nó de chúige Laighean agus codanna de chúige Mumhan.

Idir 30mm agus 50mm a thitfidh in áiteanna inniu, agus deir Met Éireann go bhféadfadh sé bheith níos airde fiú.

Dá bharr seo, is féidir bheith ag súil le tuilte agus fuarlaigh áitiúla chomh maith le haibhneacha bheith ag dul thar a mbruacha. Cuirfear as do thiománaithe freisin de bharr an bhail a bheidh ar roinn bóithre.

An talamh bheith báite agus aibhneacha bheith lá go bruacha is cúis leis seo, a deir Met Éireann.

Tá na húdaráis ar an airdeall go mór tar éis Stoirm Chandra, agus deir an Chomhairle Contae go bhfuil baol leanúnach tuilte sa tSláine agus go háirithe i mbaile Inis Corthaidh.

Tá Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas ag moladh do dhaoine bheith airdeallach faoin mbaol tuilte atá ann i gcónaí, arís de bharr leibheal ard na n-aibhneacha agus an talamh bheith báite.

Tá an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ag moladh do thiománaithe bheith thar a bheith cúramach an tseachtain seo.

Agus dar le staidéar a rinne eolaithe aeráide go luath tar éis Storm Chandra, gurb é an méid iomlán báistí a thit thar seacht lá, lá na stoirme féin san áireamh, a chuir faobhar leis na tuilte.