skip to main content

Leanbh óg gortaithe go dona ag madraí

sample caption
Tá cóir leighis á chur ar an mbuachaillín in Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn

Gortaíodh go han-dona leanbh óg nuair a d'ionsaigh dhá mhadra é i gCo Chill Chainnigh inné.

Ionsaíodh an buachaill ocht mí dhéag d'aois i dteach i gCallainn ag thart ar 3 a chlog tráthnóna inné.

Tá cóir leighis á chur air in Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath.

I ndiaidh gur gortaíodh an buachaillín go han-dona, deirtear nach bhfuil sé i mbaol báis faoi láthair.

Tá an dá mhadra le bású ag tréidlia.

Tá an teach caomhnaithe ag na Gardaí agus tá scrúdú teicniúil á dhéanamh acu ar an áit.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ