skip to main content

'Damáiste ó Stoirm Éowyn glanta faoi lár 2027'

Photo shows logs
Áirítear gur leagadh 50 milliún crann de bhíthin Stoirm Éowyn anuraidh

Tá sé tugtha le fios ag an gcomhlacht státurraithe foraoiseachta Coillte go nglacfaidh sé achar níos faide ná mar a ceapadh an obair ghlantacháin ar fad i ndiaidh Stoirm Éowyn a chur i gcrích.

Ní bheidh an obair críochnaithe go dtí lár na bliana seo chugainn, a dúirt Coillte, seachas i mbliana mar a dúradh roimhe seo.

Áirítear gur leagadh 50 milliún crann de bharr na stoirme bliain go ham seo ach ceaptar nach bhfuil ach 20% de na crainn bailithe le chéile ag lucht foraoiseachta ó shin.

Is ar thalamh le Coillite a leagadh leath na gcrann agus is leis an earnáil phríobháideach an leath eile.

Is féidir fónamh a bhaint as adhmad ó chrann atá leagtha go ceann dhá bhliain ach níl gar ann ina dhiaidh sin.

Tuairim is €60 milliún luach an damáiste don tionscal forasaoiseachta atá luaite le Stoirm Éowyn, sin gan trácht ar an bhfiadhúlra.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ