skip to main content

Enoch Burke ag geataí scoile arís inniu

Two men, one holding a bag and another wearing a hi-vis jacket face each other in a gateway
Cos curtha i bhfeac ag Enoch Burke ag geataí scoil Wilson's Hospital arís inniu

D'ordaigh an Ard-Chúirt inniu an múinteoir meánscoile Enoch Burke a ghabháil agus a thabhairt os comhair na cúirte as treaspás a dhéanamh ar thalamh scoil Wilson's Hospital i gCo na hIarmhí arís.

Bhí Enoch Burke ag geataí na scoile arís ar maidin inniu den dara lá as a chéile, in ainneoin gur ordaigh an Ard-Chúirt dó fuireach ón áit.

Rinne an Búrcach iarracht dul isteach sa scoil ach chuir garda slándála bac air.

Scaoileadh saor Enoch Burke ó Phríosún Mhuinseo arú inné, mar a raibh sé faoi choinneáil ó dheireadh mhí na Samhna as ordú cúirte a shárú.

Ní raibh an Búrcach sa chúirt inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ