skip to main content

Éire le €42 milliún a chur ar fáil do Phalaistínigh in 2026

GAZA CITY, GAZA - JANUARY 13: Palestinians struggle as heavy rain and storm damage their tents in the Bureij Refugee Camp in central Gaza on January 13, 2026. Storms and heavy rainfall affecting the Gaza Strip have severely impacted the lives of Palestini
Mar atá an saol i gCathair Gaza inniu

Tá Éire le €42 milliún i gcabhair dhaonnúil a chur ar fáil do mhuintir na Palaistíne i gcaitheamh 2026, sin €6 mhilliún níos mó ná anuraidh.

Is í an tAire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee a d'fhógair an scéala agus í ar cuairt ar an bpointe trasnaithe teorann idir an Éigipt agus Rafah i ndeisceart Gaza.

Cuirfear €20 milliún den €42 milliún ar fáil do Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha sna críocha Palaistíneacha, idir Gaza agus an Bruach Thiar, agus cuirfear €2 mhilliún ar fáil do Chumann an Chorráin Dheirg.

Dúirt an tAire McEntee go bhfuil an ghéarchéim dhaonnúil agus cearta daonna sna críocha Palaistíneacha fíordhona fós.

Bia, uisce, dídean, seirbhísí sláinte agus sláintíochta, agus oideachas, bainfear leas as an maoiniú as Éirinn leis na riachtanais sin a chur ar fáil do Phalaistinígh, arsa sí.

Tá Helen McEnnte le dul chun na hIordáine inniu, áit a labhróidh sí le hionadaithe ó eagraíochtaí carthantachta atá ag obair ar son na bPalaistíneach.

Beidh cruinnithe aici freisin le polaiteoirí na hIordáine.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ