skip to main content

Ambasadóir na hIaráine: searmanas curtha ar athlá

Bhí an searmanas le bheith ar siúl i Seomra Fáiltithe an Stáit in Áras an Úachtaráin
Bhí an searmanas le bheith ar siúl i Seomra Fáiltithe an Stáit in Áras an Úachtaráin

Curtha ar athlá tá searmanas oifigiúil a bhí le bheith ar siúl in Áras an Úachtaráin inniu ag a rabhthas lena chuid dintiúr taidhleoireachta a bhronnadh ar ambasadóir nua na hIaráine in Éirinn.

Is é an Roinn Gnóthaí Eachtracha a chuir an searmanas ar athlá ar an mbonn go mbeadh a leithéid "míthráthúil" i bhfianaise na corraíola atá san Iaráin faoi láthair.

Dhearbhaigh an Roinn gur curtha ar atráth atá an searmanas, seachas curtha ar ceal.

Fágann sé nach bhfuil an t-ambasadóir nuacheaptha, Eshagh Al Habib, nach bhfuil sé in ann tabhairt faoina chúram úr go hoifigiúil go fóill.

De réir gnáis, ar theacht go hÉirinn d'ambasadóirí nua, cuireann Uachtarán na hÉireann fáilte oifigiúil rompu in Áras an Uachtaráin agus bronnann na hambasadóirí a litreacha creidiúna ar an Uachtarán i Seomra Fáiltithe an Stáit.

Tar éis an tsearmanais, tugtar onóracha míleata lasmuigh den Áras.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ