skip to main content

Súil ag an Rialtas tuilleadh turasóirí a tharraingt go hÉirinn

Arrivals sign at the airport, Dublin, Ireland
Eitiltí díreacha nua le cur ar fáil idir tíortha áirithe sa Chianoirthear agus Éire

Tá an Rialtas le plean nua turasóireachta a fhógairt inniu ina bhfuil sé mar aidhm tuilleadh cuairteoirí as tíortha in oirthear an domhain a tharraingt go hÉirinn.

Cuairteoirí as an India, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus tíortha uile an Chianoirthir atá i gceist den chuid is mó.

Cuid de straitéis nua cúig bliana na Roinne Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta atá sa phlean atá le fógairt ag an Aire Peter Burke.

€4.7 billiún atá le cur ar fáil leis an straitéis iomlán a chur i bhfeidhm, ar cuid den Phlean Forbartha Náisúnta í, agus beidh €77 milliún den mhéid sin ar fáil le turasóirí a tharraingt go hÉirinn as réigiúin nár tugadh mórán airde orthu cheana.

Tá súil eitiltí díreacha a chur ar fáil idir cuid na réigiúin sin agus Éire den chéad uair riamh.

€400 milliún san iomlán atá le hinfheistiú san earnáil turasóireachta as seo go ceann cúig bliana de réir na straitéise nua.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ