skip to main content

'Uafásach' iad na híomhanna graosta cruthaithe ag Grok -Taoiseach

A Grok logo of a generative artificial intelligence chatbot developed by xAI is seen on a smartphone and in the background

Tá cáineadh déanta ag an Taoiseach Micheál Martin ar an gcumas atá ag an ngléas intleachta shaorga (IS) Grok íomhánna graosta de mhná agus de pháistí a chruthú ar X, an suíomh meán sóisialta.

Dúirt sé go raibh sé doghlactha agus uafásach go raibh an gléas á úsáid chun íomhánna mar seo a chruthú.

Faoi láthair, tá Coimisiún na Meán ag plé leis an gCoimisiún Eorpach an imní atá ann go bhfuil an gléas IS seo ag Elon Musk á úsaid ar an gcaoi seo.

Tá an bota comhrá SI Grok, ag cur i bhfeidhm iarratais ó lucht úsáide X na héadaí atá ar mhná agus pháistí in íomhánna a bhaint díobh, agus na híomhánna leasaithe a phostáil arís ar X

Beidh muid á phlé seo go leanúnach le Coimisiún na Méan agus leis an gCoimisiún Eorpach, a dúirt an Taoiseach i mBeijing mar a bhfuil sé i mbun chainteanna trádála le Príomh-Aire na Síne.

Is féidir go bhfuil gníomhartha mar seo ag sárú dlithe reatha, a dúirt sé,agus mar sin nach mór dár n-údaráis é seo a scrúdú go mion agus bheith an-soiléir faoi pháistí agus daoine neamhurchóideacha a chosaint.

Tá cosc iomlán ar fheidmheanna SI atá in ann íomhánna graosta de mhná agus pháistí á lorg ag an Ionad Éigeandála um Éigniú (RCI)

Tá an RCI ag iarraidh ar an Rialtas é a dhéanamh mídhleachtach gléasanna SI bheith ag duine, iad a thairgeadh nó a dháileadh, má tá an cumas iontu bréagíomhánna graosta a chruthú.

Deir Stiúrthóir an Ionaid, an Dr. Clíona Saidléir gur cheart go mbeadh a fhios ag daoine go bhfuil sé mídhleathach in Éirinn íomhána nó bréagíomhánna graosta neamh-chomhthoiliúil a roinnt ar líne.

Coir é íomhá neamh-chomhthoiliúil a ghiniúint agus a roinnt, a dúirt sí.

Is féídir le haon duine a bhfuil mí-úsáid den sórt seo á fhulaingt acu fios a chur ar na Gardaí nó ar hotline.ie, agus tacaíocht a lorg óna hionad áitiúil éigeandála um éigniú, a dúirt Clíona Saidléir.

Deir X go bhfeidhmnítear in aghaidh ábhar mídhleathach ar an árdan, ábhar mí-úsáide gnéis ar pháistí san áireamh, trí chuntais a chur ar fionraí go buan agus trí oibriú i bpáirt le rialtais agus póilíneacht áitiúil.

Caithfear mar an gcéanna le haon duine a iarrann ar Grok ábhar mídhleathach den sórt seo, a dúirt an comhlacht i bpostáil ar X.