Tá an Ghraonlainn á shantú arís ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump, agus é á rá go bhfuil an chríoch mhór seo ó na Stáit Aontaithe chun a slándáil náisiúnta a threisiú.
Tá toscaire ceapaithe aige chun an oileáin Artaigh seo agus beidh an toscaire seo, Gobharnóir Louisiana Jeff Landy ' i gceann an ruathair' a dúirt sé.
Tá an beart is deireanaí seo ag Trump cáinte go láidir ag an nGraonlainn agus ag an Danmhairg. Comhchuid neamhspleách de Ríocht na Danmhairge í an Ghraonlainn, agus tá cáil na mianraí luachmhara uirthi.
Tá Donald Trump ag maíomh le tamall gur cheart go mbeadh an t-oileán ina chríoch de chuid na Stát Aontaithe, de bharr a láthair bheith tábhachtacht don tslándáil agus na mianraí luachmhara atá ann.
"Tá sí uainn ar mhaithe leis an tslándáil. Caithfidh sí bheith againn", a dúirt an tUachtarán le hiriseoirí i bhFlorida.
Le muintir na Graonlainne í an Ghraonlainn, sin é an freagra a thug Príomh-Aire na Danmhairge agus Príomh-Aire na Graonlainne i gcomhráiteas a d'eisigh siad níos luaithe.
Ní féidir tír eile a ionghabháil, a dúirt siad, fiú nuair atá slándáil idirnáisiúnta á maíomh.
Chuir Washington a thuilleadh brú inné ar an Danmhairg nuair a cuireadh ar fionraí léasanna do chúig mhórthogra gaoithe amach ó chósta thoir na Stát Aontaithe. Le Orsted, comhlacht stáit de chuid na Danmhairge péire díobh sin.
57,000 duine atá ina gcónaí sa Ghraonlainn, atá tá os cionn dhá mhillíún km cearnach ann.
Suite idir an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh, dhéanfadh an t-oileán láthair feiliúnach do dhiúracáin bhalaistíócha do na Stáit Aontaithe. Is mó anois an tsuim atá ag Washington i mianraí an oileáin ó tá iarracht mhór ar bun gan bheith ag brath ar mhianraí ón tSin.
In ainneoin infheistíocht mhór bheith déanta ag an Danmhairg i slándáil an oileáin le bliain, chomh maith le hobair mhór taidhleoireachta le Washington, ní léir gur éirigh leis mianta Trump a cheansú.