Inniu an lá is gnóthaí ar bhóithre an Stáit i rith thréimhse na Nollag, agus tá an Garda Síochána ag impí ar thiománaithe maolú ar an luas agus bheith airdeallach faoi thiománaithe eile, coisithe agus rothaithe.
Tá feachtas 24 huaire ar bun ag Gardaí inniu féachaint le teorainneacha luais a chur i bfheidhm níos géire, chomhuaineach leis an méadú seo ar an trácht Nollag.
Deir Gardaí gurb é seo an gné is deireanai den bhfeachtas séasúrtha atá ag súil le líon na dtaismí bóthair a laghdú.
Táthar ag iarraidh ar thiománaithe fanacht laistigh de na teorainneacha luais agus bheith níos cúramaí de bharr an leibhéal ard tráchta agus turasanna fada atá ar bun ag daoine.
180 duine a bhásaigh ar bhóithre an Stáit go dtí seo i 2025.
Tá beagnach gach seirbhís bus, traenach, bád farantóireachta agus aeir ar teann a ndíchill inniu, agus daoine ag déanamh ar an mbaile don Nollaig.
Tá na seirbhísí ag moladh do dhaoine réamh-áirithint a dhéanamh nuair is féidir.
50,000 duine a thiocfaidh trí aerfort Átha Cliath inniu féin, leis na mílte eile ag tuirlingt ag Corcaigh, an tSionna, agus Cnoc Mhuire.