skip to main content

An bhean a ceistíodh faoi bhás Daniel Aruebose scaoilte saor

Tá an bhean a bhí á ceistiú ag Gardaí faoi imeacht Daniel Aruebose gan tásc gan tuairisc i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath os cionn ceithre bhliana ó shin, scaoilte saor anois.

Tá comhad á ullmhú do Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí.

Tá an bhean sna ficheadaí agus gabhadh í ar amhras go ndearna sí dúnmharú agus bhí sí á ceistiú ag stáisiún Garda sa chathair.

Gabhadh maidin inné í agus cuireadh síneadh lena tréimhse coinneála Garda faoi dhó ó shin, 6 huaire ar dtús agus 12 uair breise ina dhiaidh sin.

Speisialtóirí Garda a bhí i mbun an cheistiúcháin léi faoi imeacht agus dhúnmharú Daniel, agus cuireadh fianaise atá bailithe san fhiosrúchán faoina bráid go foirmeálta faoi rabhadh.

Chonacthas an buachaill Daniel Aruebose beo don uair dheireanach ina theach cónaithe ag árasáin The Gallery i nDomhnach Bát i dtuaisceart Bhaile Atha Cliath, ceithre bhliana go leith ó shin nuair nach raibh sé ach trí bliana d'aois.

Is í an bhean seo a ceistíódh an chéad duine a gabhadh mar chuid den fhiosrúchán seo, a ndearnadh fiosrúchán dúnmharaithe de 11 lá ó shin.