skip to main content

Fiorsrúchán ar bun faoi iarracht dúnmharaithe i gCo.Ard Mhacha

PSNI ag fiosrú iarracht dúnmharaithe
PSNI ag fiosrú iarracht dúnmharaithe

Tá póilíní an Tuaiscirt ag fiosrú iarracht dúnmharaithe ar fhear sna seachtóidí i gContae Ard Mhacha aréir.

Ionsaíodh an fear ina theach cónaithe sa Chéide thart ar 7.30.

Réab seisear fear le púicíní isteach i seomra suite an tí, bhuail siad é, d'fhág siad droch-bhail ar an teach agus ansin chuir an fear agus an teach trí thine.

Cuireadh a charr trí thine freisin.

D'éirigh leis éalú ón mbualadh agus cabhair a lorg.

Tá cóir leighis á cur air san ospidéal.

Tá cabhair an phobail á lorg ag na póilíní.