skip to main content

Tadgh Farrell á chur faoin bhfód

Sochraid Thadgh Farrell
Sochraid Thadgh Farrell

Dúradh ag Aifreann sochraide,Thadgh Farrell inniu gur líon sé cuid mhór croíthe le háilleacht , solas agus grá nach scuabfar go brách chun bealaigh.

Dúirt Sagart Paróiste Éadan Doire, an tAthair Gregory Corcoran go raibh gach a raibh bailithe isteach i Séipéal Mhuire inniu lán le brón agus le halltacht.

Dúradh go raibh Tadgh ag súil go mór le seó bréagáin 'The Late Late Toy Show' an t-am seo an tseachtain seo caite.

Ba bheag an chuimhne a bhí ag aon duine a dúradh go mbeadh sé maraithe faoi thráthnóna an lá dár gcionn nuair a caitheadh buama isteach trí fhuinneog an tí a raibh sé ann.