Tá sé séanta ag Ambasáid na Rúise i ráiteas chuig 7Lá, clár chúrsaí reatha TG4, go raibh aon bhaint ag an Rúis leis na dróin i ngar d'Aerfort Bhaile Atha Cliath i rith chuairt Uachtarán na hÚcráine ar Éirinn ag tús na míosa seo.
Deir an ráiteas go bhfuil go leor tuairimíochta sna meáin in Éirinn faoi na tuairiscí go raibh dróin i ngar don aerfort an 1 Nollaig 2005, ach nach bhfuil feicthe acu ag ráflaí agus leathfhocail.
Séanann an Ambasáíd go soiléir "na hiarrachtaí atá ar bun an eachtra seo a léiriú amhail baint bheith ag an Rúis leis, rud nach bhfuil bunús ar bith leis".
Ceistíodh an ambasáid freisin faoi mhonatóireacht ar cháblaí fomhuirí agus 'scáth-loingeas' na Rúíse ag feidmhniú i gcrios eacnamaíoch eisiach muirí na hÉireann. Ina bhfreagra, dúirt an ambasáid gur crosaire mór tábhachtach é an réigiún seo den Atlantach Thuaidh don loingseoireacht idirnáisiúnta, agus nach bhfuil aon ní neamhghnáthach faoi longa de chuid na Rúise agus thíortha eile bheith ag taisteal tríd.
Níor thug an ambasáid aon fhreagra ar an gcaint a rinne An Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan maidir leis an eachtra drón, mar dar leo, gur "ábhair inmheánacha do Rialtas na hÉireann"a bhí faoi chaibidil acu. Ach dhiúltaigh an ambasáid d'aon "iarracht tuairimiocht faoi bhagairtí hibrideacha as an Rúis" mar gheall air gur "maíomh folamh gan téagar é".
Deir Óglaigh na hEireann nach mbíonn aon ní le rá acu faoi shonraí aon eachtra a líomhnaítear, ar bhonn oibríochta slándála. Ach bhí na Fórsaí Cosanta páirteach in oibríocht slándála, faoi stiúir an Gharda Síochána, a tugadh i gcrích go rathúil, agus ar a raibh cuairt shlán agus rathúil an Uachtaráin Zelensky ar Éirinn bunaithe.
Dúirt an Taoiseach go raibh sé ag fanacht ar 'thuarascáil chuimsitheach" faoin eachtra ó na Fórsaí Cosanta an tseachtain seo chugainn.
Tá líon na n-eachtraí seo ag méadú ó thús na Cogaíochta san Úcráin, a dúirt an Taoiseach inné.
Dúirt sé freisin go raibh méadú suntasach i réimse iomlán ionsaithe agus bagairtí, ón Rúis den chuid is mó ceaptar, maidir le cibear-ionsaithe agus ionsaithe hibrideacha, ar bhallstáit de chuid an Aontais Eorpaigh.
Beidh tuileadh faoi seo ar 7Lá anocht ar TG4 ar 20:00