Tá an Stát ar fad faoi Fholáireamh Stádas Oráiste inniu, tar éis do Met Éireann nuashonrú a dhéanamh ar an réamhfhaisnéis ar maidin.
Tá sé i bhfeidhm óna 7 ar maidin i gCeatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, Cill Mhantáin, Port Láirte, Corcaigh Tiobraid Árann, Ciarraí agus Luimneach, agus mairfidh go dtí 4pm tráthnóna.
Tiocfaidh sé i bhfeidhm ansin ar 11 ar maidin i Muineachán, An Cabhán, an Mhí, Baile Atha Cliath, Cill Dara, Laois, Longfort agus an Iarmhí, chomh maith le cúige Chonnacht uilig. Mairfidh an foláireamh go dtína 7pm anocht.
Ar a 2 tráthnóna a thiocaidh an foláireamh i bhfeidhm i nDún na nGall agus mairfidh go dtína 9 anocht.
Tá súil do dtabharfaidh Stoirm Bram gálaí láidre gaoithe aniar aneas agus siotaí fíorláidre freisin.
D'fhéadfadh fuarlaigh bheith ar thalamh íseal cois cósta, go háirithe tráth a bheidh sé ina lán mara.
Tá fainic curtha ag Met Éireann ar dhaoine bheith san airdeall faoi smionagar scaoilte agus rudaí a d'fhéadfadh bheith scuabtha leo ag an ngaoth, chomh maith leis an seans a chiorruithe cumhtachta.
Tá foláireamh Flannbhuí Gaoithe eisithe ag Met Office Shasana do chontaethe Aontroma, Doire, Tír Eoghain, agus Fear Manach, idir a 2pm tráthnóna agus a 7pm anocht.
Cheana féin tá fuarlaigh feicthe ar Ché Wandsworth i gcathair Chorcaí ar maidin
Tá roinnt eitiltí curtha ar ceal agus tá súil go gcuirfear a thuilleadh ar ceal freisin i rith an lae. Is é comhairle na n-aerfort do phaisinéirí a dheimhniú leis na haerlínte go díreach leis an scéala is deireanaí a fháil uathu. Cuireadh an chomhairle céanna ar phaisinéirí na mbád farantóireachta.
Beidh sé ina lán mara ar maidin agus tá súil go mbeidh fuarlaigh agus tuilte cois cósta dá bharr.
De bharr an oiread den talamh bheith sáithithe cheana, tá sé nach mór cinnte go mbeidh fuarlaigh go forleathan inniu, agus dá bhrí sin iarrtar ar dhaoine bheith san airdeall go háirithe agus iad ag taisteal agus neart ama a chur go leataobh le turas a chríochnú.
Tá fainic curtha ar an bpobal freisin fanacht glan ar an gcósta ó chéibheanna, calafoirt agus promanáidí ísle.