skip to main content

Foclóir nua Gaeilge ar fáil ar líne ó inniu

20,000 iontráil agus 40,000 brí san fhoclóir nua ar líne
20,000 iontráil agus 40,000 brí san fhoclóir nua ar líne

I mBaile Átha Cliath tráthnóna inniu, seolfaidh Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly An Foclóir Nua Gaeilge, an chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge a foilsíodh riamh.

Foclóir digiteach, seachas mórleabhar nithiúil, atá i gceist, ar togra de chuid Fhoras na Gaeilge é. Is é Pádraig Ó Mianáin an Príomheagarthóir agus is é Cormac Breathnach an Bainisteoir Tionscadail.

Beidh An Foclóir Nua Gaeilge ar fáil saor in aisce ar líne ar Focloir.ie ó 1.00 i.n. Inniu.

Tosaíodh ag tiomsú an ábhair don fhoclóir nua i Meán Fómhair 2022 agus is é an sciar céad sciar den obair sin atá á chur ar fáil inniu, mar atá, 20,000 iontráil agus 40,000 brí.

Tá súil 30,000 iontráil agus 80,000 brí a bheith ar fáil faoi Lúnasa 2027, tráth a thiocfaidh deireadh leis an tionscadal.

Deir lucht an fhoclóra go bhfuil roinnt gnéithe ceannródaíocha ag baint leis an saothar úr. Cuir i gcás, tugtar aitheantas ann do leaganacha canúnacha coitianta; tá sainmhíniúcháin ann ar fhocail iasachta, ar nós ad hoc, baguette agus cappuccino; agus tá treoir ghramadaí agus fhoghraíochta ann, lena n-áirítear gramadach chasta.

Dar le Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn gur cor cinniúnach é [an foclóir nua] ó thaobh theagasc agus fhoghlaim na Gaeilge ag gach leibhéal.

Is iad an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i mBaile Átha Cliath agus an Roinn Pobal i mBéal Feirste príomh-mhaoinitheoirí an tionscadail, le tacaíocht bhreise ón Roinn Oideachais i mBaile Átha Cliath.