skip to main content

Príosún saoil gearrtha ar Ruth Lawrence as dúnmharú bheirt fhear

Príosún saoil a gearradh inniu ar bhean 46 bhliana d'aois as beirt fhear a dhúnmharú 11 bhliain ó shin.

Phléadáil Ruth Lawrence, as Cluain Tarbh ó thús ach a bhfuil seoladh aici ag An Ros,Droichead Uí Dhálaigh, Co. na Mí neamhchiontach i ndúnmharú Anthony Keegan 33 bhliana, agus Eoin O'Connor,32 bhliain, idir an 22 Aibreán agus an 26 Bealtaine 2014.

Caitheadh an bheirt agus fuarthas a gcorp ar oileán i Loch Síleann i lár tíre, cúig seachtain tar éis dóibh bheith imithe ar iarraidh.

Bhí baint ag Eoin O'Connor le mangaireacht drugaí agus bhí baint ag Ruth Lawrence agus a pháirtí Neville van der Westhuizen le drugaí a ghoid ó Eoin O'Connor sé lá roimh a bhás.

Bhí drugaí eile díolta ag O'Connor le van der Westhuizen freisin, ach bhí €70,000 fós le híoc ag Westhuizen don lastas cócaon.

Bhí brú ar O'Connor de bharr na bhfiacha agus an ghoid, agus shocraigh sé a chara buan Anthony Keegan a thabhairt le chuig An Cabhán le bualadh le Ruth Lawrence agus Neville van der Westhuizen.

Chaith Lawrence Eoin O'Connor sa bholg, ach níor mharaigh an t-urchar é agus lean van der Westhuizen le hurchar sa chloigeann do O'Connor.

Caitheadh Anthony Keegan sa sa mhuineál agus sa chloigeann. Tugadh an dá chorp an oíche sin chuig an oileán ar Loch Síleann, mar a rabhadar nó gur thángthas orthu os cionn míosa ina dhiaidh sin.

Theith Ruth Lawrence agus Neville van der Westhuizen chuig a thír dhúchais, an Afraic Theas. Rinneadh iarratas ar eiseachadadh go hÉirinn i leith na beirte, agus cúisíodh Lawrence sa dúnmharú i 2023. Níor ciontaíodh in aon rud riamh roimhe sin.

Tá van der Westhuizen sa phríosún san Afraic Theas ó 2020 as ciontaithe maraithe agus fuadaigh agus ní bheifear in ann é a eiseachadadh go mbeidh sé ar pharól i 2035.

Labhair muintir an bheirt fhear faoin 'gcéasadh' agus cailliúint a d'fhulaing siad de bharr dhúnmharú bhrúidiúil a ndaoine muinteartha.

Dúirt bean cheíle Eoin O'Connor nár leor riamh aon daorbhreith a ghearrfaí ar Lawrence, agus nár leor di na fir a dhúnmharú ach gur theastaigh uaithi iad a chur go grinneall an locha freisin.

Dúirt iníon Eoin O'Connor, Brooke Roche, nach raibh sí ach deich mbliana d'aois nuair a dhúnmharaigh Lawrence a athair. Cé gur dhíol a hathair drugaí, ní údar é sin lena dhúnmharú mar a rinneadh a dúirt sí.

Dúirt deirféar Anthony Keegan go ndearna Lawrence gáire faoina deartháir agus gur duine fuarchroíoch í. Ghaibh sí buíochas leis an gardaí agus lucht an ionchúisimh as an 'ceartas' a bhaint amach dá muintir.