skip to main content

Dhá Fholáireamh Stádas Oráiste Gaoithe i bhfeidhm amárach

Tá dhá fholáireamh Stádas Oráiste eisithe ag Met Éireann do chontaethe cois cósta amárach.

11 chontae a bheidh faoi réir an fholáirimh oráiste, de bharr Stoirm Bram a thabharfaidh gála gaoithe ó mhoch maidne.

Beidh an foláireamh oráiste i bhfeidhm i gCiarraí, Corcaigh, Port Láirge agus Loch Garman ó 7am go 3pm. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar 10am i Luimneach, An Clár, Gaillimh, Maigh Eo, Liatroim, Sligeach agus Dún na nGall go dtí 6pm.

Beidh an chuid eile den tír faoi fholáireamh Stadas Buí Gaoithe idir 3am go dtí 9pm amárach, agus Met Éireann ag tuar gaotha láidre aniar aneas le siotaí láidre agus seans ar ghálaí gaoithe gar don chósta.

Tá baol tuilte ar thalamh íseal, go háirithe nuair a bheidh sé ina lán mara, agus beidh cúinsí taistil dúshlánacha ann.

Beidh foláireamh Stádas Buí Báistí i bhfeidhm freisin i gCeatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, Port Láirge, Tiobraid Árann, Corcaigh agus Ciarrraí óna 9 anocht go dtína 9am amárach.

Beidh fuarlaigh ar thalamh íseal go háirithe áiteanna atá sáithithe cheana féin, agus beidh cúinsí taistil deacair dá bharr.