Gheall an tAire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan go mbeadh na Gardaí sa tóir 'gan stad gan staonadh' ar na daoine a rinne an t-ionsaí loiscneach a mharaigh beirt in Eadan Doire ag an deireadh seachtaine.
Dúirt sé gur ionsaí dúnmharfadh é an t-ionsaí loiscneach a chuir Tadhg Farrell, buachaill 4 bhliana d'aois agus a sheanaintín Mary Holt, 60 bliain d'aois, den saol Dé Sathairn. Gortaíodh bean eile san ionsaí agus tá cóir leighis á chur uirthi san ospidéal i dTulach Mhór.
Dúirt Jim O'Callaghan gur ionsaí é seo a raibh marú na ndaoine sa teach sin mar aidhm aige.
Deimhníonn an cás seo, a dúirt sé, go bhfuil pobail á dtarraingt as a chéile ag drugaí, agus go dtarraingeidh lucht na ndrugaí scrios orthu féin agus ar a muintir agus a gcomhluadar.
Thuig sé, a dúirt sé ar Morning Ireland ar maidin, gur líne amháin fiosrúcháin é gur buíon coiriúíl drugaí i lár na tíre a rinne an t-ionsaí. Ach ní raibh aon bhaint ag an mbeirt a maraíodh le drugaí ach tuigtear go mb'fhéidir go ndearndadh an t-ionsaí le himeaglú a chur ar dhaoine faoi fhiacha drugaí.
Ionsaí dúnmharfach, fuarchroíoch gan beann ar beatha daoine, a thug na Gardaí ar an eachtra.
Creidtear gur caitheadh buama peitril trí fhuinneog tosaigh an tí i bPáirc Radharc an Chaisleáin am éigin roimh a hocht oíche Dé Sathairn, agus gur cuireadh fios ar na seirbhísí dóiteáín.
Cuireadh scrúdú iarbháis ar an dá chorp inné, ach tá an láthair dúnta agus caomhnaithe fad atá a thuileadh scrúduithe dlíeolaíocha ar bun.