Tá pobal an Daingin i gContae Chiarraí ag déanamh a mbealach go Stáid Semple i nDurlas inniu le dóchas ina gcroí.
Tá chuile shúil acu go n-éireoidh le peileadóirí an bhaile an lámh in uachtar a fháil ar Naomh Fionnbarra ó Chorcaigh agus Craobh Sinsir na Mumhan a bhreith leo.
Den chéad uair le beagnach 4 scór bliain bhuaigh an Daingean Craobh Sinsir Caide Chiarraí roinnt seachtainí ó shin i gcoinne Aibhistín de Staic ó Thrá Lí.
2 chúl deireanach sa chluiche ón laoch mór sin Paul Geaney a chinntigh bua do bhuachaillí na Gaeltachta ar an lá.
Tá sé féin agus ceathrar deartháireacha leis ag imirt sa chluiche ceannais seo inniu.
Is maith is eol do phobal an Daingin nach cluiche éasca a bheidh anseo inniu mar go bhfuil siad i gcoinne phiardaí móra an chomórtais seo, cumann a bhfuil 3 chraobh uile-Éireann buaite acu sna blianta siar.
Iar-pheileadóir iomráiteach amháin dá gcuid is ea Jimmy Barry-Murphy a bhain cáil nach beag amach sna seachtóidí agus ochtóidí.
Tá seisean ar dhuine de roghnóirí na foirne a rachaidh chun páirce inniu.
2 bhliain ó shin chaill an Daingean Craobh Ceannais na Mumhan ar chiceanna pionóis i gcoinne Bhaile an Chaisleáin ó Chontae Chorcaí.
Beidh siad ag súil gurb é an bua an luach saothair a bheidh acu inniu.
Tosóidh an cluiche sin ag 1.30 i.n agus tá sé á chraoladh beo ar Stáisiún Teilifíse TG4.
Tá pobal Chorca Dhuibhne ag ceiliúradh ó thráthnóna aréir i ndiaidh dá bpeileadóirí siúd Craobh Idirmheánach Peile na Mumhan a chrochadh leo go slachtmhar i gCo.Luimnigh.
Ní bheidh cur síos ar an gceiliúradh sa leithinis anocht má thugann leaideanna an Daingin an 'sway' leo tráthnóna.