skip to main content

Beirt marbh i dtine i gCo.Uíbh Fhailí

Na gardaí ag fiosrú na tine i gCo.Uíbh Fhailí
Na gardaí ag fiosrú na tine i gCo.Uíbh Fhailí

Tá beirt marbh de bharr tine i dteach cónaithe i gContae Uíbh Fhailí.

Tá fiosrúchán dúnmharaithe bunaithe anois ag na gardaí.

Bean sna seascaidí agus buachaill óg 4 bliain d'aois atá i gceist.

Bhásaigh siad sa dóiteán a tharla in eastát tithíochta tráthnóna aréir i bPáirc Radharc an Chaisleáin in Éadan Doire.

A view of damage after a fire at a house in Edenderry
An teach in Éadan Doire inar bhásaigh an bheirt

Gortaíodh bean eile sna caogadaí freisin go dona agus tá fíor dhroch-bhail uirthise san ospidéal.

Bhí gardaí agus seirbhísí éigeandála ar an láthair go gairid roimh cheathrú chun a hocht.

Ba i ndiaidh do na seirbhísí dóitéain an tine a mhúchadh a thángthas ar 2 chorp.

Deir na gardaí gur dó mailíseach a bhí i gceist.

Tá siad ag lorg cúnamh an phobail maidir lenar tharla.

Cuirfear scrúdú dlíeolaíoch ar an láthair níos deireanaí.