skip to main content

An t-Iar Aire Rialtais Paddy Conney tar éis bháis

An t-Iar Aire Rialtais Paddy Conney
An t-Iar Aire Rialtais Paddy Conney

Tá a mheas agus a chomhbhrón léirithe ag an Tánaiste,Simon Harris faoi bhás an iar-Aire Dlí agus Cirt,Paddy Cooney.

94 bliain d'aois a bhí Paddy Cooney agus bhí aireachtaí aige i gcomhrialtais a raibh Fine Gael ina mbun sna seachtóidí agus sna hochtóidí.

Chomh maith le bheith ina Aire Dlí agus Cirt, bhí sé ina Aire Oideachais, ina Aire Cosanta agus ina Aire Iompair.

Teachta Dála a bhí ann do dháilcheantar Longfort-An Iarmhí.

Chaith sé tréimhse freisin mar Sheanadóir agus mar Fheisire Eorpach.