skip to main content

Mná a fhulaingíonn le inmheatróis ag lorg breis cabhrach

Agóid i mBaile Átha Cliath
Agóid i mBaile Átha Cliath

Ghlac mná agus cailíní óga atá ag fulaingt inmheatróis páirt in agóid i mBaile Átha Cliath inniu ag iarraidh breis tacaíochtaí ionas go mbeidh siad ábalta déileáil níos fearr lena míchumas.

Teastaíonn uathu go gcuirfeadh an Rialtas breis roghanna ar fáil dóibh i dtaca le cóir leighis a fháil thar lear.

Deir lucht na hagóide gur minic nach dtuigtear cén tionchar a bhíonn ag an ngalar seo ar a sláinte.

Deir siad freisin gur céim chun cinn í an creatlach nua náisiúnta ar an inmheatróis atá seolta.

Cuidíonn sé seo le comharthaí sóirt an ghalair a aithint ach deir na mná go bhfuil a lán fós le déanamh.