skip to main content

Seisear gafa sa Liobáin i dtaca le hionsaí ar shaighdiúirí UNIFIL

Saighdiúirí UNIFIL sa Liobáin
Saighdiúirí UNIFIL sa Liobáin

Tuairiscítear go bhfuil seisear gafa ag arm na Liobáine i dtaca leis an ionsaí a rinneadh arú inné ar shaighdiúirí Éireannacha atá ar dualgas thall ansin leis na Náisiúin Aontaithe.

Deir Óglaigh na hÉireann go ndearna seisear fear ar mhóipéidí ionsaí lámhaigh ar chomhaltaí dá gcuid agus iad ar patról in aice le baile Bint Jbeil ag thart ar 6 a chlog tráthnóna Déardaoin.

Níor gortaíodh aon duine de na saighdiúirí san ionsaí a tharla

Tá na saighdiúirí ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe i ndeisceart na Liobáine agus tá siad lonnaithe i mbunáit Champa na Seamróige atá suite cúpla ciliméadar siar ó Bint Jbeil.

Níl sé soiléir cé a bhí freagrach as an ionsaí lámhaigh ach is minice seachghníomhairí Iosrael sa réigiún thar aon dream eile ag buaireamh na nÉireannach.