Tá fiosrúchán curtha ar bun ag na Gardaí maidir le dróin a bhí ag eitilt i limistéar faoi chosc amach ó chósta Bhaile Átha Cliath go díreach agus Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky ag teacht isteach go hAerfort Bhaile Átha Cliath Dé Luain seo caite.
Oifigigh ar an LÉ William Butler Yeats a bhí ar patról mara ag an am a thug na dróin faoi deara ag thart ar 11 a chlog oíche Dé Luain.
Tuigtear go raibh na dróin ag guairdeall timpeall sa limistéar faoi chosc tuairim is deich gciliméadar amach ó Bhinn Éadair, ceantar atá gar don aerfort.
Níor chuir an tSeirbhís Chabhlaigh isteach ar na dróin ach fístaifeadadh a ngluaiseacht agus a rian.
Tá Aonad Speisialta Bleachtaireachta an Gharda Síochána ag fiosrú an scéil i gcomhar le hÓglaigh na hÉireann agus seirbhísí idirnáisiúnta slándála.
Ní dúradh cér leis na dróin, má tá a fhios sin ag na Gardaí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ